Ainm: | Brianaí Éamoinn Ó hOireachtaigh | |
Áit Chónaithe: | Machaire Rabhartaigh |
Áit Dúchais: | Machaire Rabhartaigh |
Catagóir: | Taisteal agus Gnó |
Fochatagóir: | Iompar Nua-Aimseartha |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Mar a thosaigh sé suas leis an tacsaí agus na rialacha a bhí ag baint leis. B’éigean do ceadúnas a fháil. Bhí mionbhus aige ach fuair sé ceann úr ansin in 1970. Bhí sé ag tabhairt lóid chuig cluichí peil darna achan seachtain. | 00:06:43 | |
Thug sé lóid an Aifrinn fosta. Ansin nuair a cheannaigh sé an bus i nGaillimh, chaith sé blianta ag iompar meitheal stócaigh amach an Lagáin ag toghadh phreátaí. Dhéanadh Brianaí conraithe le roinnt feirmeoir amuigh in ansin agus thugadh sé amach na fir nuair a bhíodh an obair ansin. Go Newtowncunningham agus go Mainéar Uí Chuinneagáin is mó a chuaigh sé cé gur bhain sé féin préataí isteach go Cill Mhic Réanáin. Tá athrach mór ar sin uilig anois. Bhíodh siad ar shiúl ar an 6 a chlog ar maidin. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh acu. Bhí sé ag déanamh sin ó 1969 go tús na hochtóidí. | 00:09:11 | |